Peil na mBan Chiarrai July 5th

Foireann Sínsear B Ciarraí 2-11 v Fhoireann Sínsear B Chorcaigh 2-10.
Comhgháirdeas le Foireann Sínsear B Ciarraí a bhuaidh ar Fhoireann Sínsear B Chorcaigh Dé Sathairn seo caite i Scairteach an Ghlinne.Seo an chéad bua i fiche bliain don Contae ag an leibhéal seo. Táimíd fíor bhuíoch do Chumann Caide Ban Scairteach an Ghlinne a chur bia agus deoch agus gan dabhat an ghort ar fáil.


Féile;
Dhein Oileán Chiarraí ana ghaisce ag an gComórtas Féile i gCorcaigh nuair a shroicheadar an cluiche leathcheannais, ach ní raibh an t-ádh leo ar an lá. Bhuadar dhá chluiche as trí ach chuaigh Dubhglas ar aghaidh.

Cluiche Ceannais na Mumhan.

Beidh foireann Sínsir Ciarraí ag tabhairt fé Cluiche Ceannais na Mumhan i gcoinne Corcaigh ,Dé Sathairn seo chugainn 9ú Iúil, ar a 5.00i.n. i gCíll Áirne.
Beidh Melissa i dteangmháil leis na clubanna ar fad ag lorg tacaíochta ónár n-imreóirí óga.Táimíd ag súil freisin go ndéanfaidh na clubanna sínsearacha iarracht speisialta taisteal go Chíll Áirne. Tá a gcuid ama tugtha ag foireann sínsir Ciarraí don traenail agus tá súil againn go léir go ndéanfaidh siad an bheart tráthnóna Dé Sathairn.

Craobh Sínsir Ballyroe Heights;

Imreoidh Sliabh Luachra agus Fánaithe an Leamhna i gcoinne a céile don 5ú uair an bhliain seo. Beidh Southern Gaels ag taisteal go dtí na hÁghasaigh; Abbey/Stacks in aghaidh An tSnaidhm/An Neidín/na Crócaigh; agus Ciarraí Thoir ag taisteal go Feale Gaels.

Buíochas do gach éinne a bhí i lathair ag cruinniú Bhóird an Contae Déardaoin seo caite.

Fé 12; Cluichí leathcheannais léig an Chontae- urraithe ag Glebe Kitchens;
Roinn 1: An Léigiúin 5-13, Southern Gaels 0-5.
Ráth Mhór 5-9, Corca Dhuibhne 2-8
Beidh An Leigiúin i gcoinne Ráth Mhór sa cluiche ceannais Dé Luain 11ú Iúil.

Roinn 2: Abhaistín de Staic 0-8 v Oileán Chiarraí 1-6.
Gleann Fleisce 1-4 v Fionnúig Naomh Seanán 1-2.

Roinn 3: Thug Daingean Uí Chúis an chluiche don Neidín.
Lios Tuathail 1-6 v Na Mistéilligh 0-6

Roinn 4: Céirín O Rathaille 3-9 v Fánaithe an Leamhna 3-7
Corra 7-10 v Na Gaeil 2-5.

Fé 16;Léig an Chontae- urraithe ag Kellihers Toyota Garage.
Buíochas do Tim Kelliher as urraíocht a dheanamh ar Léig an Chontae Fe 16.
Roinn 1; Corca Dhuibhne v Oileán Ciarraí.
Southern Gaels v Lios Tuathail.

Roinn 2: Na Gael v Spa.
Foidhrí v Abhaistín de Staic.
Fionnúig Naomh Seanán v Céirín O Rathaille.
Tá bye ag Baile Dubh.

Roinn 3: An Léigiúin v Ráth Mhór.
Na Crócaigh v Fánaithe an Leamhna.
An Neidín v Maigh Mheáin.

Roinn 4: Mainistir O dTorna v Cíll Chuimín.
Fosadh v Biaille
Tá bye ag Gleann Fleisce.

Go n-éirí le William agus foireann Sínsear an Chontae Dé Satharn seo chugainn.

© Kerry Ladies Football 2011 - Design by EM Dzine